Sean Phaidreacha na nDaoine


Go to content

Paidir na Maidne

Paidreacha eile na nGael

Éirím inniu

Agus neart Dé im stiúradh,

Cumhacht De im choimeád,

Fáith-chiall Dé im' threorú,

Súil Dé ag féachaint romham,

Cluas Dé ag éisteacht liom,

Briathar Dé mar chomhrádh dhom,

Lámh Dé um choimrí,

Slí Dé a síneadh romham,

Sciath Dé mar dhídean dom,

Agus slóighte Dé am' anacal

Ar chlaon-bheartaibh na ndeamhan.

Beirim suas duit, a Íosa, tré chroidhe ró-geanmnaí na Maighdine Muire,

urnaithe, oibreacha agus buadhartha an lae indiu,

ar son gach rúin-intinne dá bhfuil id' chroidhe ró-naomhtha.

Home Page | Paidreacha an Aifrinn | Paidreacha eile na nGael | Paidreacha na Naomh | Paidreacha in Aghaidh na nGalar | Site Map


www.masterit.ie | tcbr@indigo.ie

Back to content | Back to main menu