Paidreacha an Aifrinn

 

Fáilte Roimh an nDomhnach

Dé bheatha an Domhnaigh, tar éis na seachtaine,

Lá breá sgítheach chun Críost d'agallamh.

Corraigh do chos go doth chum Aifrinn,

Corraigh do bhéal go bréithre beannaighthe.

Oscail do chroidhe agus scaoil an ghangaid as.

Féach suas ar mhac na banaltra,

Mac Dé, - is É do cheannuigh sinn,

Do chuir le daondacht le cioth allais,

A chuid fola naomhtha saor Ár n-anam,

Go raghaidh Sé an cosán fada romhainn,

Go ngeobhaimís buidheachas

I ríoghacht na bhFlaitheas leis.

 

Paidir ar Aireachtan Cluig an Aifrinn duit

Ó a Thiarna bog mo chos chun Aifrinn,

Bog mo bhéal chun na mbréithre beannuithe,

Árduigh suas mo smaointe is m'aigne

Is díobair uaim na gníomhartha malluithe.

 

Paidir ar Fheachadh do Ghlúine duit

Nuair a théidhim-se isteach i séipéal tighe Dé

Cuirim mo ghlún deas fúm ag umalughadh do do Ainm

In imeall do ghrásta.

A fhiadhnaise ort, a Mhuire Bheannuighthe,

Mo anam a chur ar do dheas-láimh.

 

Paidir Roimh Aifreann

Cuirim m'intinn le h-intinn an Aifrinn,

Mo chroidhe, mo smaointe is m'aigne,

Trí impí na Ban-Tiarna beannuighthe

Ceanta Críostaí a thabhairt dom de'n Aifreann.

 

Paidir na Cailíse

Ó, a Thiarna, adhraim do fhuil fhíor-uasal.

A Thiarna, atá mé ag tabhairt míle buidheachas duit;

Do dhoirt tú an fhuil ar chrann na croise ar ár son.

Ná lig dam an t-anam do chailleamhaint i bpeacaidhibh.

 

Paidir an Agnus Déi

Ó, a Thiarna Íosa Críost, is tú an fhírinne thógas peacaidhe an domhain.

Tré thrócaire do chrainn, tabhair dúinn párdún in ár gcorthaibh,

Agus tré do pháis ró-naomhtha coimeád sinn ó uile pheacadh agus olc.

Beirimid thimcheall orainn an t-Agnus Déi beannuighthe seo i do onóir

Chum sinn do chosaint in aghaidh malluightheachta.

Saor sinn ó gach olc chum go mbeirimís linn é i do láthair.

 

Paidir le rádh roimh Chomaoine le linn an chloigín do bhualadh

Ó, a Thiarna, mise an peacthach agus ní fiú mé go dtiocfá fé mo dhíon,

Acht abair an focal agus beidh m'anam saor.

Ó, a Thiarna, do dhealbhuigh grian agus muir,

Maith dham ar pheacuigh mé riamh 's indiu,

Maith ós na flaitheasaibh dam anuas mo choir

Chun go nglacfainn go taithneamhnach mo Thiarna indiu.

 

Paidir tar éis Comaoine

Ó, a Dhia, a charthannacht gan teora agus a thrócaire gan míosúr,

Sé do ghrádh do bheir ort teacht go dtí mé,

Sé mo dhóchas do-bheir damh-sa tú do ghlacadh.

Tugaim mo chorp duit mar theampall,

mo thoil duit mar íodhbairt,

mo chroidhe dhuit mar áltóir,

m'anam duit mar pixis.

 

Ó, a Thiarna, Fhuaiscailteoir thrócairigh na bhflaitheas,

A leinbh ísil, uasail, a uain Dé neamh-chionntaigh,

Clúdaigh i t'olann mé.

Tabhair lóistín i do chroidhe dham.

Folaigh mé i do lotaibh.

Nigh mé le do chuid fola.

Leaghaigh mé i dteinibh cumhra do charthannachta.

Neartaigh mé le do ghrádh.

Aithbheiogh mé le do bhás.

Ó, a Thiarna, déan mé iomshlán taithneamhach le toradh do naomh-croidhe.

Ámen.

 

 

Go raibh ainm mhilis Íosa

go taithneamhach sgríobhtha

ar lár mo chroidhe-se.

A Mhuire, a Mháthair Íosa,

go raibh Íosa agam-sa

agus mise ag Íosa.

Ceangal grádh

bheith eadrainn go bráth

Gan sgaoileadh.

Ámen, a Íosa,

go bráth 's choidhche.

 

A Íosa, Íosa, coimeád na caoirigh                                   

ar na gleanntaibh míne,

agus ar na móinfhéaraibh caoine,

Ár gcosaint ó an micdíre.

Ná tinneas chum báis é

Acht tinneas chum sláinte

Bheith tinn le grádh dhuit,

A Rí na páirte.

 

Paidir tar éis Comaoine (ar do theacht abhaile)

(agus trí bolgam uisce d'ól)

Leis an gcéad bolgam -

Seo sláinte an fhir áluinn do shín a ghéaga ar chrann na páise chun sinne do shaoradh.

Leis an dara bolgam -

Agus sláinte na mná mánla a rug mac ón Sprid Naomh chughainn.

Leis an tríú bolgam -

Agus sláinte Naoimh Phádraig do bheannuigh Éire.

 

Paidreacha eile na nGael

 

Paidir na Maidne

Éirím inniu

Agus neart Dé im stiúradh,

Cumhacht De im choimeád,

Fáith-chiall Dé im' threorú,

Súil Dé ag féachaint romham,

Cluas Dé ag éisteacht liom,

Briathar Dé mar chomhrádh dhom,

Lámh Dé um choimrí,

Slí Dé a síneadh romham,

Sciath Dé mar dhídean dom,

Agus slóighte Dé am' anacal

Ar chlaon-bheartaibh na ndeamhan.

 

Beirim suas duit, a Íosa, tré chroidhe ró-geanmnaí na Maighdine Muire,

urnaithe, oibreacha agus buadhartha an lae indiu,

ar son gach rúin-intinne dá bhfuil id' chroidhe ró-naomhtha.

 

Altú Roimh Bídh

Beannuigh sinn a Dhia ná fuil gann,

Beannuigh gach am sinn a Dhia,

Beannaigh ár mbia is ár ndeoch

Is táil orainn anuas do rath.

Altú Tar éis Bídh

An t-É thug an bia so dhúinn agus ciall chun a chaithte,

Go dtugaidh Sé na grásta dúinn agus suaimhneas síorraí dár n-anam.

 

Paidir ar dhul ar Thuras duit

In ainm an Athar go mbuaidh

In ainm an Mhic a d'fhulaing an phian

Muire is a Mac go raibh liom ar mo thriall.

Paidir ar do ghabhail thar Teampall duit

Go mbeannuightear duit, a Theampuill Dé,

(a thobar bheannuighthe / a Chrois

bheannuighthe)

Agus beannuighim féin duit.

 

 

Paidir na Marbh ar do ghabháil thar Reilg duit

A Íosa Críost Céasta, déan fuascailt ar na h-anamnacha boctha atá annso

ag feitheamh le h-aiséirí ghlórmhair.

 

Ar do dhul isteach i Séipéal duit

Umhluimíd duit gan chealg im chroidhe,

Mo ghlún le taithneamh don Árd Rí,

An dara glún le géille do Dhia

Am sheachaint ar shluatibh dubróin

Is go mbuaitear m'anam don Tríonóid.

 

Le linn duit cuaird a thabhairt sa Séipéal

Beannuighim duit, a Íosa Chríost,

 Beannuighim duit, a Mhaighdean ghlórmhar,

Beannuighim duit, a theampaill na Tríonóide,

mar is i mo chroidhe atá an t-olc,

i mo rosc, agus i mo bhéal.

Cuirim triúr do mo choimeád,

An t-Athair, an Mac, agus an Spioraid Naomh.

Bronnaim mo anam ort, a Dhia,

agus ní raghaidh in a dhiaidh ort go bráth.

Bíodh a fhiadhnaise ag an Maighdean Muire go bhfuilim

ag cur mo anam ar do dheas-láimh ar úrlßr do thighe féin.

 

Paidir roimh labhartha dhuit

A Thiarna Íosa, 'bhí ciúin ós comhair Píoláit,

ná leig dom mo theanga do luascadh gan smaoineamh

ar cad tá le rádh agam agus conus é rádh.

 

Paidir ar Choigilt na Teine dhuit

Coigilighimíd an teine mar do choigiligheas Críost cách.

Críost i mullach an tighe seo agus Brighid in a lár.

An dá aspal déag is mó comhacht i sna flaitheasaibh

Ag coimeád agus ag cumhad an tighe seo go lá.

 

Paidir ag Múcadh an t-Solais duit

Nár múcaidh Dia solas na bhflaitheas inár n-anamnacha

 nuair is toil leis glaoch orainn as an saol so.

Paidir do'n Tigh

A Dhia, beannuigh an tigh

Ó stéidh go stáidh

Ó chrann go fráigh

Ó cheann go báidhe

Ó dhrom go troighe

Ó sconn go scaith

Idir bun agus brágha.

 

 

 

 

 

Paidreacha chun Báis Naomhtha

Go dtugaidh Dia bás naomhtha ar dhea-uain dúinn,

An bás a fuair Naomh Seosamh idir dhá láimh Íosa.

Sin bás gan phianta, gan fiacha, gan peacaí.

 

Nár tugaidh tú, a Thiarna, gearr-bhás ná bás obann dúinn,

bás i n-aon cheann de sna seacht bpeacaidhibh marbhthacha,

Acht bás i gcéill agus i gcuimhne,

Bás i ngrádh agus in eagla Dé.

Go mba é ár lón deiridh ar an saoghal so

Corp Naomhtha an Tiarna,

Ola agus aithrighe,

Ár gceart de cheart na heaglaise

Agus bás naomhtha ar staid na ngrás

Idir dá láimh na Maighdine Muire

Mar fuair Naomh Seosamh.

 

Paidreacha na hOidhche

 

Go luighimíd leat, a Dhia, anocht agus go luigh Dia linn.

An Mac thug slán ó an lß sinn,

go dtugaidh sé slán ó an oidhche sinn.

An Mac do cheannuigh sinn

Go mba hé ghlacfaidh sinn.

 

Go mbeannuighthear duit an chros ar chéasadh Críost

Go mbeannuightear duit, a chrann díreach an duilleabhair ghlais.

Cuirim coimirce mo anam ort, a Íosa,

go bhfillteadh arís ar an gcrois.

Ó Íosa gur síneadh do ghéaga ar an gcrois,

D'fhuiling trínn-ne na céadta agus na mílte lot,

luighmid síos fá dhíon do sgéithe anocht.

Toradh an chrainn go bhfaghbhaimíd

In ar chéasadh tú.

 

 

- Ó Íosa, a shíor-mhic, athair agus uan,

Thug fíor-fhuil do chroidhe istigh dár gceannach go cruaidh,

Ísligh ár ndíomdhá, ár bhfearg agus ár n-uabhar,

Agus díobair na droch-smaointe malluighthe uainn.

 

 

 

 

 

 

Ó Rí na bhFlaitheas, do bheannuigh gach aon nídh,

Cuir 'nár seasamh sinn ar thalamh na cré-Fodla,

Beir ár n-anam leat go carthannach, sitheoilte

go dtí an t-octhar aingeal is sine agus is óige,

agus an dáréag apstal i gcathair na Tríonóide.

 

Mo ghrádh-sa thusa, a Mhuire gheal máthair,

Mo chabhair congnanta in am na práinne,

Mo dhochtúir leighis tinn nó i mo shláinte,

Agus mo urradh breágh beannuighthe

leis na Flaitheasaibh d'fhághbháil dúinn.

Mo athchuingidhe chughat, a Mhuire,

Do athchuingidhe do chur chun do leinbh

Maitheamhnas do thabhairt dam i mo chorthaibh

Ar son Dia agus Muire.

- Iarraimíd tré chabhracha ar an Athair Síorraidhe

In ainm Íosa Críost,

Cabhair ghlórmhar, cabhair thrócaireach, cabhair anama agus coirp.

- A Fhuil Chríost, nigh sinn,

A chréachta, fuiligh sinn,

A Pháis Chríost, neartaigh sinn,

Ó Íosa mhilis, éist linn,

Déan sinn do dheaghailt ó an eascaraid,

Cuir sinn i bhfochair na naomh

Anois, agus le saoghal na saoghal.

 

Ceithre cúinne ar mo leaba,

Ceithre aingeal ortha scaipthe,

Má gheibhim-se bás idir so 's maidin,

I bhFlaitheas Dé go raibh m'anam.

 

Luighim le Dia agus go luighidh Dia liom,

Lámh dheas Dia fá mo cheann,

Dhá láimh Mhuire tharm anall,

Cros na naoi n-aingeal bhfionn

Ó chúl mo chinn

Go trácht mo bhonn.

Nár luighim leis an olc,

Agus nár luigh an t-olc liom.

Anna, máthair Mhuire,

Muire, máthair Chríost,

Élisabet, máthair Eoin Baiste,

Iarraim féin ar an dtriúr sin

Mé thabhairt saor ó sgair na leabthan.

Crann ar chéasadh Críost

Idir mé agus an trom-luighe

agus aon rud eile bheadh ar mo thí,

Le toil Dé agus le congnamh na Maighdine glórmhaire.

 

Coimirce m'anama ort,

A Athair shíor-chomhachtach,

Ar Mhuire bheannuighthe,

Banaltra Ríogh glórmhair,

Ar Mhicéal aingeal,

An teachtaire sitheoilte,

Daréag apstal agus

An Tiarna trócaireach

Bheith ag gárdáil m'anama

go dtí cathair na glóire.

Luighim ar an leabadh

Mar luighim in san uaigh.

Déanaim mo fhaoisidín leat

A Íosa go cruaidh.

Tré gníomhartha mo cholna,

Tré smaointe mo chroidhe,

Tré amharc mo shúl,

Tré labhairt mo bhéal,

Tré siubhal mo chos,

Tré gach nídh adubhart

Agus ná raibh fíor,

Tré gach nídh gheallas

Agus nár choimhlíonas,

Gach nídh do rinneas i gcoinne do dhlighe

Ná do thoile naomhtha,

Iarraim maitheamhnas ort,

          A Rí na Glóire.

 

Ofráil na Sgaball

Seacht bPaidir agus seacht n-Abhé Máré in onóir duit-se,

A Mhaighdean ghlórmhar, bheannuighthe,

Agus in onóir do do sgaball agus do do bhrat naomhtha,

Do bhrat do leathadh anuas orm,

Seasamh dam lá na práinne,

Lá an ghábhaidh

Agus lá an bhreitheamhnais.

 

Paidir na gCúig Loit

Cúig Phaidir agus cúig Ábhé Máré in onóir do na cúig lotaibh.

Na cúig loit is mó agus is géire d'fhulaing tú ar an gcrann ar ár son,

An tsléagh ghéar cuireadh tré do chliatháin clé,

agus an choróin spíceach cuireadh ar do cheann bheannuighthe,

atá mé dá n-ofráil duit mar shásamh go h-iomlán i mo pheacaidhibh.

Atá mé ag cur mo athchuingidhe chughat,

Atá mé d'iarraidh na athchuingidhe sin ort, a Thiarna,

chum gach nídh is mó do-chidheann tú in a ghábhadh,

in a phráinn, in a riachtanas,

do thabhairt dam i dtaobh anama agus coirp,

beo agus marbh.

 

Paidreacha na Naomh

 

Paidir na Maighdine Beannuighthe

A Mhaighdean Bheannuighte, déan duine leat féin díom,

A Naoimh Pheadair cuir i leabhar an Spioraid Naoimh mé.

Ón gcéad duilleóg go dtí an duilleóg déanach

San áit ná h-iarrfaidh mé bia ná éadach,

Ach soillse na bhFlaitheas lasta ar gach taobh díom,

Ámen, sin, a Dhia ghléghil.

 

Paidir Bhrighid Naomhtha

A Naomh Brighid, a Mhuire na nGaedheal,

Sgar orainn do bhrat.

A Naomh Brighid, a chroidhe na Féile,

Stiúr sinn ar an mbóthar ceart.

A Naomh Brighid geanmhail, grástamhail,

Ar ár namhaid cosain sinn.

A Naomh Brighid, a bhean-riaghalta áluinn,

Ar uair ár mbáis glaoidh orainn.

 

Paidir do'n Aingeal Coimhdeachta

Aingil uasail, aingil Dé,

Cabhruigh liom ar feadh ar lae.

Bí lem' ais go síorruidhe dlúth,

'S ná leig do'n diabhail mé chur amú.

 

 

Paidreacha in aghaidh Galair

 

Ortha Mhuire

Mar rug Anna Muire, is mar rug Muire Críost, mar rug Eilís Eoin Baiste,

gan díth coise ná láimhe,

Fóir ar an mbean, a Mhic fóir féin,

A Mhathair, ós tú rug an Mac,

tabhair don ngein cnámh

agus go mba slán a bhéas an bhean.

 

Ortha na bhFiacal

Ortha do chuir Muire d-á Mac

I ndoras Cathrach Críost

ar thinneas is ar phianta 'n chinn.

An phíast atá sa bhfeóil

ag déanamh díth do'n ndéid,

Íosa Críost d-á díbirt uaim

Is d-á cur i n-éag.

 

Ortha na Fola

Táim ag cur an ortha so dhuit in ainm an Fhir a céasadh ar an gCrios, a dhoirt a chuid Fola naomhtha ar ár son.   Lann Líomthaist, ainm an fhir a chuir an tsleágh tré chroide an Úirmhic.   Cad a tháinig as? - Fuil, fíon agus fíoruisce.   In nomine Patris, et Filii, et Spiritus Sancti, a chaoinleacht.

          Ó, a Íosa, stop an fhuil atá ag teacht 'na tonn tréan.   In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh.   Ámen.

 

 

Ortha na Tromluighe

Sí Anna, máthair Muire, Muire máthair Chríost, Eibhlís deabh-oibreach máthair Eoin Baiste, cuirim an triúr ban-naomhtha so idir mé agus sgair na leabthan, cuirim an Chros ar ar céasadh Críost idir mé agus an tromluighe agus gach galar eile atß ar mo thí, idir mo mhúchadh, mo bháthadh, mo bhascadh, go maidin.